Príomhspeisialtóir i gCothú
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Phríomhspeisialtóir i gCothú, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
Is é is safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.
Príomhspeisialtóir i gCothú
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Phríomhspeisialtóir i gCothú, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
Beidh sé mar ról ag an bPríomhspeisialtóir i gCothú tacú le daoine ar fud oileán na hÉireann, agus iad a chumasú, chun bia sláintiúil a ithe, agus príomhdhíriú á leagan ar mhurtall a chosc agus ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht bia.
Áireofar na nithe seo leis na gníomhaíochtaí:
- saineolas teicniúil a thabhairt do chláir, tionscnaimh agus feachtais thaighde;
- faisnéis eolaíoch a aistriú ina dea-chleachtas le haghaidh bia sláintiúil a chur chun cinn;
- measúnú agus meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar thionscnaimh;
- líonraí a fhorbairt agus a chothabháil;
- obair i gcomhoibriú le geallsealbhóirí;
- páirt a ghlacadh i mbeartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus
- gníomhú, i gcásanna a d’fhéadfadh teacht aníos, mar urlabhraí meán ar chothú thar ceann safefood.
Cáilíochtaí agus Taithí
- Céim Iarchéime in Eolaíochtaí Cothúcháin, in Eolaíocht nó i réimse gaolmhar.
- Creidiúnú le heagraíocht ghairmiúil, i.e., an Cumann um Chothú, CORU, Cumann Diaitéitice na Breataine nó a gcomhionann.
- Taithí cúig bliana ar a laghad ar obair sa tsláinte phoiblí, sa taighde agus i bhfaisnéis eolaíoch a chur in iúl.
Tuarastal
Feidhmeannach Teicniúil Sinsearach (ranníocaíocht neamhphearsanta pinsin)
€63,543 – €79,825
Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.
Íoslódáil an pacáiste iarratais
Pacáiste iarratais - Príomhspeisialtóir i gCothú
Is é 12:00 pm meán lae Dé hAoine an 24 Márta 2023 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Tá safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.