Skip to content

Príomhspeisialtóir i gCothú


Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Phríomhspeisialtóir i gCothú, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.

Is é is safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.

Príomhspeisialtóir i gCothú

Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Phríomhspeisialtóir i gCothú, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.

Beidh sé mar ról ag an bPríomhspeisialtóir i gCothú tacú le daoine ar fud oileán na hÉireann, agus iad a chumasú, chun bia sláintiúil a ithe, agus príomhdhíriú á leagan ar mhurtall a chosc agus ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht bia.

Áireofar na nithe seo leis na gníomhaíochtaí:

  • saineolas teicniúil a thabhairt do chláir, tionscnaimh agus feachtais thaighde;
  • faisnéis eolaíoch a aistriú ina dea-chleachtas le haghaidh bia sláintiúil a chur chun cinn;
  • measúnú agus meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar thionscnaimh;
  • líonraí a fhorbairt agus a chothabháil;
  • obair i gcomhoibriú le geallsealbhóirí;
  • páirt a ghlacadh i mbeartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus
  • gníomhú, i gcásanna a d’fhéadfadh teacht aníos, mar urlabhraí meán ar chothú thar ceann safefood.  

Cáilíochtaí agus Taithí

  • Céim Iarchéime in Eolaíochtaí Cothúcháin, in Eolaíocht nó i réimse gaolmhar.
  • Creidiúnú le heagraíocht ghairmiúil, i.e., an Cumann um Chothú, CORU, Cumann Diaitéitice na Breataine nó a gcomhionann.
  • Taithí cúig bliana ar a laghad ar obair sa tsláinte phoiblí, sa taighde agus i bhfaisnéis eolaíoch a chur in iúl.

Tuarastal

Feidhmeannach Teicniúil Sinsearach (ranníocaíocht neamhphearsanta pinsin)    

 €63,543 – €79,825

Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.

Íoslódáil an pacáiste iarratais

Pacáiste iarratais - Príomhspeisialtóir i gCothú

Is é 12:00 pm meán lae Dé hAoine an 24 Márta 2023 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais. 

safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.
 



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm