Feidhmeannach Imeachtaí Cumarsáide
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Feidhmeannach Imeachtaí Cumarsáide (Conradh téarma seasta 7 mí), a bheidh lonnaithe inár n-oifig i mBaile Átha Cliath.
An Feidhmeannach Imeachtaí Cumarsáide, a bheidh ag tuairisciú don Stiúrthóir Cumarsáide, beidh sé/sí freagrach as pleanáil, forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí margaíochta dírí bainistíochta imeachtaí Safefood agus ar bhainistíocht comhpháirtíochtaí Safefood.
Rannchuideoidh sé/sí leis an straitéis cumarsáide a fhorbairt ar aon dul le cuspóirí gnó Safefood.
Déanfaidh sé/sí caidreamh a fhorbairt agus a chothú leis na geallsealbhóirí éagsúla atá ag Safefood chun tacú le cláir chumarsáide Safefood.
Léireoidh sé/sí cumas chun forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a rathúla atá cláir ar leith, mar aon le cumas chun feabhsuithe tábhachtacha a mholadh agus a chur chun feidhme.
Cáilíochtaí agus Taithí
- Cáilíocht tríú leibhéal nó Cáilíocht Ghairmiúil i Margaíocht, i mBainistíocht Imeachtaí, i gCaidreamh Poiblí, i gCumarsáid, nó ina gcomhionann.
- Taithí trí bliana ar a laghad atá ábhartha don ról san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach nó san earnáil pobail.
Tuarastal
Ardoifigeach Feidhmiúcháin (ar bhonn NPPC) €56,047-€68,158
Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú anseo.
Is é 12 pm meán lae Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.