Skip to content

12 leideanna um Nollaig


1. Ullmhaigh do chuisneoir

Sula dtosaíonn brú na féile is maith an cuisneoir a ní le huisce te gallúnaí; is féidir na seilfeanna a athshocrú chun spás a fhágáil don turcaí - ná dearmad é a stóráil ar an tseilf íochtair ionas nach dtitfidh aon bhraonta as ar bhia eile réidh le hithe, rud a scaipfeadh frídíní sa bhia sin ionas nach mbeadh sé sábháilte le hithe. Ba chóir duit aon bhia ar a bhfuil ‘dátaí úsáid roimh’ atá imithe thart a chaitheamh amach. Má tá spás breise uait sa chuisneoir, stóráil glasraí agus deochanna (seachas bainne agus sú torthaí) in áit fhuar lasmuigh de.

2. Cé mhéad turcaí is gá?

Ná ceannaigh turcaí atá rómhór – beidh tú bréan de sula mbeidh sé go léir ite. Mura bhfuil tú cinnte, fiafraigh den bhúistéir agus smaoinigh ar cé mhéad duine a bheas á ithe (ní itheann páistí an oiread céanna le daoine fásta) agus cibé ar mhaith leat turcaí a bheith agat sna laethanta dár gcionn.

  • I gcás 4-6 dhuine, moltar turcaí 3-4kg
  • I gcás 6-8 dhuine, moltar turcaí 4-5kg
  • I gcás 8-10 dhuine, moltar turcaí 5-6 kg

3. Tabhair dóthain ama duit féin chun an turcaí a dhíreo

I gcás turcaí reoite nó éineoil reoite, an tslí is sábháilte chun é a dhíreo ná é a chur sa chuisneoir ar mhian nó tráidire ar an tseilf íochtair den chuisneoir. Fág 24 uair an chloig do gach 4-5 phunt meáchain/2-2.5 kg agus fág dóthain ama. Féadann sé suas le 3 lá a thógáil turcaí reoite 15 phunt/7.5kg a dhíreo, mar sin is féidir gur chóir é a chur ag díreo ar an 22 Nollaig.

Beidh a fhios agat go bhfuil sé díreoite go hiomlán:

  • nuair a bhíonn an corp bog
  • nuair is féidir na cosa a bhogadh agus
  • nuair nach bhfuil aon chriostal oighir fágtha sa chuas istigh

Nuair a bhíonn sé díreoite, cócaráil an turcaí díreach mar a dhéanfá dá mba thurcaí úr é.

4. Ná nigh an turcaí

Ná nigh an turcaí nó aon éan eile de bhrí go scaipeann sé sin baictéir nimhithe bia ar fud na cistine trí bhraonta agus steallóga. Maraítear na baictéir sin má dhéantar an turcaí a chócaráil i gceart. Más gá duit an t-éan a ghlanadh, cuimil é le tuáille páipéir agus caith an páipéar agus aon phacáistiú isteach sa bhosca bruscair láithreach. Ná cuir do lámha ar an turcaí ach amháin nuair is gá agus nigh do lámh agus na dromchlaí go cúramach le huisce teo gallúnaí.

5. Cá fhad ar chóir an turcaí a chócaráil?

Maireann baictéir ar nós Salmonella agus Campylobacter in éineoil agus i bhfeoil amh, mar sin tá sé tábhachtach go ndéanfá iad a chócaráil go hiomlán. Téigh an t-oigheann go 180° (Fean-chuidithe) agus clúdaigh an turcaí le scragall stáin fad a bhíonn sé ag cócaráil; cabhraíonn sé sin chun an fheoil a chócaráil go cothrom agus bíonn níos mó sú san fheoil ar deireadh. Ba chóir an turcaí a bhealú gach uair an chloig a bhíonn sé san oigheann. (Is féidir an scragall stáin a bhaint don leathuair an chloig deiridh chun dath donn a chur ar an gcraiceann). 

6. Cad faoin bhúiste?

Má tá turcaí búistithe á chócaráil agat in oigheann feain, ba chóir am breise a fhágáil de bhrí gur léir ó thaighde a rinne safefood go mbíonn lár an bhúiste mall ag cócaráil nuair a bhíonn búiste i gcorplár an turcaí. Mar sin, i gcás turcaithe búistithe, tá sé riachtanach go mbeadh an búiste féin té go hiomlán agus an fheoil ag an gcuid is tiubha den bhrollach cócaráilte go hiomlán sula n-itear é. Ná cuir an iomarca búiste sa turcaí; ná bíodh níos mó de 10% de mheáchan an éin déanta as búiste, is é sin 500g de bhúiste ar a mhéad i dturcaí 5kg. Tá áireamhán ar láithreán gréasáin safefood a thaispeánfaidh an t-am cócaireála do thurcaí duit.

Má tá oigheann de chineál eile agat, ní mholaimid duit búiste a chur sa turcaí, ba chóir an búiste a chócaráil i mias eile leis féin. Moltar é sin de bhrí gur féidir nach sroichfeadh an teas lár an turcaí.

7. Ná bíodh deifir ort an turcaí cócaráilte búistithe a ghearradh

Bealach amháin le bheith cinnte go bhfuil búiste cócaráilte go hiomlán gan an fheoil a róchócaráil ná an turcaí a thógáil amach as an oigheann nuair a bhíonn an fheoil cócaráilte go hiomlán agus é a fhágáil ar feadh 30 nóiméad, faoi chlúdach scaoilte scragall stáin, sula ngearrann tú é.

8. Conas a sheiceálann tú go bhfuil an turcaí cócaráilte

Úsáid forc nó briogún glan chun an chuid is tiubha agus de bharr na coise a pholladh. Beidh a fhios agat go bhfuil sé cócaráilte go hiomlán:

  • Má tá sé an-te tríd is tríd
  • Má tá na súnna glan
  • Mura bhfuil aon fheoil bhándearg fágtha
  • Má tá an búiste, más ann, te go hiomlán

9. Conas turcaí fágtha a stóráil

Clúdaigh aon turcaí fágtha agus cuir sa chuisneoir é laistigh de dhá uair an chloig ón uair a tógadh amach as an oigheann é. Bí cinnte go bhfuaraítear aon fheoil fágtha a luaithe is féidir - is cabhair é an fheoil a ghearradh ina phíosaí. Ba chóir feoil fágtha a ithe laistigh de thrí lá ón uair a chuirtear sa chuisneoir í.

10. Feoil a reo

Má tá fút feoil nó éineoil fágtha a reo, fill go maith é agus roghnaigh coimeádán atá oiriúnach don reoiteoir. Ná fág feoil chócaráilte reoite sa reoiteoir ar feadh níos mó ná 6 mhí; imíonn an blas ina dhiaidh sin.

11. Má tá sé cócaráilte cheana féin – ná téigh ach uair amháin é!

Agus bia á atéamh agat, bí cinnte i gcónaí go mbíonn sé te tríd is tríd. Na atéigh bia ach an t-aon uair amháin.

12. Roghanna níos sláintiúla

Má tá rogha níos sláintiúla uait um Nollaig, seo roinnt roghanna:

  • Bain an craiceann den turcaí nó an tsaill den liamhás.
  • Triail búiste déanta as píosaí aráin, cnónna agus síolta in ionad búiste as ispíní.
  • Róst na prátaí i mbeagán ola ghlasraí mar rogha shláintiúil ar im.
  • Galaigh na glasraí seachas iad a bhruith nó a róstadh.


Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm