Conas a dhéanann gnáthspásanna an tsaoil difear don mhurtall
_1.png?w=1216&h=684&ext=.png&width=1360&resizemode=force) 
              Déanann na timpeallachtaí ina mairimid ár saol difear do riosca an mhurtaill.
Forbhreathnú ar an ócáid:
San ócáid seo, fiosrófar conas a dhéanann na háiteanna agus na spásanna a áitímid difear dár riosca i leith an mhurtaill. Leagfaimid béim freisin ar na cláir agus na beartais a bhfuil mar aidhm leo an riosca sin a laghdú.
Pléifidh na cainteoirí:
- Idirghabhálacha san áit oibre
- Na tairbhí sláinte a ghabhann le spásanna glasa agus le spásanna gorma
- Dearadh na bpobal agus na gcathracha a thacaíonn le saol níos sláintiúla a mhaireachtáil
Clár
09.30 am – 09.40 am Aitheasc Fáilte agus Tús 
An Dr Aileen McGloin, Safefood 
 09.40 am – 10.00 am Folláine Uirbeach: Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar Thionscnaimh Iompair agus Cathracha Glasa 
Charlene Brooks, Belfast Healthy Cities 
10.00 am – 10.20 am Cultúr sláinte agus folláine a leabú in Iarnród Éireann 
Sharon Daly, Iarnród Éireann 
10.20 am – 10.40 am Spásanna Glasa agus Gorma le haghaidh na Sláinte agus na Folláine in Éirinn 
An Dr Gesche Kindermann, Ollscoil na Gaillimhe 
10:40 am – 11.05 am Seisiún ceisteanna agus freagraí 
Painéal 
11.05 am – 11.15 am  Focail chlabhsúir 
An Dr Aileen McGloin, Safefood
 
               
                           
                          