Imeacht arna óstáil ag an bhFóram um Ghníomhaíocht Uile-oileáin ar Mhurtall le tacaíocht ó safefood, ó Líonra Thuaisceart Éireann an Chumainn don Staidéar ar Mhurtall, agus ón gCumann don Staidéar ar Mhurtall ar Oileán na hÉireann.
Dáta: An Mháirt an 18 Iúil 2024 Am: 10.00 am – 1.00 pm Láthair: Baile Átha Cliath agus ar líne
Forbhreathnú ar an imeacht: Is féidir leis an murtall impleachtaí a bheith aige ar fud an tsaoil atáirgthe. San imeacht seo, tabharfar forbhreathnú ar an tionchar atá ag an murtall ar an torthúlacht, ar an toircheas, ar thréimhsí iarthuismidh agus ar shláinte an linbh, agus murtall na máthar agus murtall an athar araon á bplé. Labhróidh cainteoirí faoin eispéireas fíorshaoil sa mhurtall le linn na tréimhse sin agus fiosróidh siad idirghabhálacha a mbeidh mar aidhm leo sláinte na máthar, sláinte an athar agus sláinte an linbh a chur chun cinn.
Clár
09.00 am – 10.00 am: Clárú, agus tae is caife
10.00 am – 10.05 am: Focal fáilte
10.05 am – 10.15 am: Aitheasc tosaigh
10.15 am – 10.45 am: An tOllamh Nicola Heslehurst, Ollscoil an Chaisleáin Nua
An tionchar atá ag an murtall roimh an toircheas, le linn an toirchis agus i ndiaidh an toirchis ar shláinte ar feadh an tsaoil: an tábhacht a bhaineann le díriú a leagan ar neamhionannais sláinte
10.45 am – 10.55 am: John Jordan, Tathantóir othar, Tuaisceart Éireann
Eispéireas fíorshaoil
10.55 am – 11.15 am : An Dr Rosie Dawson, Iontaobhas South Tees de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte
An idirghabháil ‘LIFT’ lena dtéitear i ngleic le hathrú stíl mhaireachtála réamhcheaptha ó thaobh dearcaidh eile de
11.15 am – 11.35 am: Sos
11.35 am – 11.55 am: An tOllamh Sharleen O'Reilly, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Nósanna Nua a Spreagadh: Athrú Iompraíochta le haghaidh Bainistíocht Meáchain Shláintiúil sa Toircheas agus ina Dhiaidh
11.55 am – 12.15 pm: An tOllamh Michelle McKinley, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Tacaíocht inghlactha agus inscálaithe le haghaidh bainistíocht meáchain i ndiaidh an toirchis: an triail um Thacú le Máithreacha (SMS)
12.15 pm – 12.45 pm : Seisiún ceisteanna is freagraí
Ollamh le Cothú san Ionad um Shláinte Phoiblí, Scoil na Míochaine, na Fiaclóireachta agus na nEolaíochtaí Bithleighis, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, is ea Michelle McKinley. Ina cuid taighde, imscrúdaíonn Michelle an cumas atá ag idirghabhálacha cothúcháin chun an stádas cothaithe agus riosca an ghalair ainsealaigh, go háirithe diaibéiteas agus galar cardashoithíoch, a mhodhnú, agus fiosraíonn sí cineálacha nuálacha cur chuige i leith athruithe cothúcháin, athruithe iompraíochta stíl mhaireachtála agus bainistíocht meáchain a spreagadh agus a chur ar aghaidh ar fud an tsaoil. San obair atá á déanamh aici faoi láthair, tá sí ag díriú go mór ar shláinte na mban, lena n-áirítear idirghabhálacha casta roimh an toircheas, le linn an toirchis agus i ndiaidh an toirchis a fhorbairt agus a mheas. Aitheantas le ORCID: http://orcid.org/0000-0003-3386-1504
An tOll. Sharleen O’Reilly
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Is Diaitéiteach Cláraithe agus Ollamh Comhlach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Sharleen. Tá Ollúnacht ar Cuairt le hAcadamh Diaibéitis agus Inchríneolaíochta na Danmhairge aici faoi láthair, ar ollúnacht mór le rá í.
Díríonn Sharleen ina cuid taighde ar ghalair neamhtheagmhálacha a chosc ar son sláinte níos fearr i measc máithreacha agus leanaí. Tá sí ina himscrúdaitheoir ar chistiú taighde ghníomhaigh is fiú breis agus €7M, tá 96 fhoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu aici agus tá sí i gceannas faoi láthair ar thionscadal cur chun feidhme is fiú €4.4M den chlár Fís 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh.
Suíonn Sharleen ar Choiste Feidhmiúcháin Chónaidhm Eorpach na gCumann Diaitéiteach agus ar Choiste Chónaidhm Idirnáisiúnta na Gínéiceolaíochta agus na hObstatraice ar Thionchar an Toirchis ar an tSláinte Fhadtéarmach.
An Dr Rosie Dawson
Iontaobhas South Tees de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte
Cnáimhseach Chomhairleach in Ospidéal James Cook in oirthuaisceart Shasana is ea Rosie. Tá sainspéis aici i Sláinte Phoiblí agus stíl mhaireachtála agus i gcúram atá faoi stiúir ag an gcnáimhseachas. Tá Rosie ag obair sa chnáimhseachas le breis agus 20 bliain anuas agus d’oibrigh sí ina lán suíomhanna cliniciúla agus acadúla. Ina measc sin, d’oibrigh sí mar phríomhchnáimhseach don oideachas agus mar phríomhchnáimhseach do ghlór an úsáideora seirbhíse máithreachais. Cháiligh Rosie le déanaí le dochtúireacht i Sláinte Phoiblí, agus díriú á leagan ar athrú stíl mhaireachtála réamhcheaptha i measc mná atá ag déileáil le murtall agus le neamhthorthúlacht. Ag obair di i gcomhpháirt leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, le heagraíochtaí pobail agus le carthanais, rinne Rosie an tionscadal LIFT (Stíl Mhaireachtála, Idirghabháil, Torthúlacht, Muintearas) a dhearadh agus a thriail chun feabhas a chur ar an bhfolláine sa phobal sin daoine.
An tOll. Nicola Heslehurst
Ollscoil an Chaisleáin Nua
Is í an tOllamh Nicola Heslehurst Cathaoirleach reatha an Bhoird Iontaobhaithe do Chumann na Ríochta Aontaithe don Staidéar ar Mhurtall. Tá Ard-Chomhaltacht aici leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Sláinte agus Cúraim ina bhfiosraítear ról na saille sa luath-thoircheas le haghaidh tuar riosca a dhéanamh ar dhrochthorthaí toirchis a bhaineann leis an murtall. Sa mhórchlár taighde uaithi, fiosraítear neamhionannais i murtall agus cothú máithreacha agus leanaí agus conas is féidir gnáthsheirbhísí a oiriúnú chun sláinte agus folláine ar feadh an tsaoil a fheabhsú do mhná agus dá leanaí. I measc na dtopaicí leanúnacha taighde tá tionchar na héiginnteachta bia le linn an toirchis agus an luathshaoil ar mheáchan na máthar agus an linbh, cothú agus sláinte, stiogma an mheáchain le linn an toirchis, agus na riachtanais tacaíochta atáirgthe do mhná a ndearnadh obráid bhairiatraiceach orthu.
Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.