Skip to content

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Príomhspeisialtóir um Chothú


Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Príomhspeisialtóir um Chothú a bheidh lonnaithe inár n-oifig i gCorcaigh.

Is é is Safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.

Cabhraíonn an ról seo le Stiúrthóir Cothaithe Safefood agus é i mbun ár bhfeidhmeanna cothaithe a chomhlíonadh. Áirítear leo sin faoi láthair rannchuidiú le forbairt beartais, le cur chun feidhme beartais, le taighde, le cothú pobail, le líonraí gairmiúla, agus le cumarsáid.

Áireofar na nithe seo leis na gníomhaíochtaí: caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ildisciplíneacha ar bhonn uile-oileáin; riachtanais taighde a shainaithint; treoir cothaithe a thabhairt do thionscnaimh agus d’fheachtais; faisnéis eolaíoch a aistriú ina dea-chleachtas le haghaidh nósanna sláintiúla itheacháin a chumasú agus a chur chun cinn; measúnú agus meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar thionscnaimh; líonraí gairmiúla a fhorbairt agus a chothabháil; obair i gcomhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha; agus gníomhú mar urlabhraí meán ar chothú thar ceann Safefood.

Is é atá sa ról ná ról lena n-éilítear solúbthacht agus an cumas chun saincheisteanna casta cothaithe sláinte poiblí amhail bochtaineacht bia agus murtall a choimriú agus a chur in iúl.

Cáilíochtaí agus Taithí

Céim Iarchéime in Eolaíochtaí Cothúcháin, i gCothú an Duine nó i réimse gaolmhar.

Taithí cúig bliana ar a laghad ar obair sa chothú sláinte poiblí, sa bhainistíocht tionscadal, sa taighde, sa scríbhneoireacht tuarascálacha, agus i bhfaisnéis a chóimheas, a mheas, agus a chur in iúl.

Ní mór do dhiaitéitigh a bheith incháilithe le haghaidh clárúchán leis an mBord Clárúcháin ag an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (CORU).

Ní mór do chothaithigh a bheith incháilithe le haghaidh clárúchán le Cumann na gCothaitheach Cláraithe (AFN).

Tuarastal

Feidhmeannach Teicniúil Sinsearach (ar bhonn NPPC) €69,305 – €87,062. Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú anseo.

Is é 12 pm meán lae Dé hAoine an 13 Feabhra 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.

Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm