Skip to content

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Stiúrthóir um Chumarsáid


Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Stiúrthóir um Chumarsáid a bheidh lonnaithe inár n-oifig i mBaile Átha Cliath.

Soláthraíonn an Stiúrthóir um Chumarsáid ceannaireacht straitéiseach chun próifíl Safefood agus an clú atá air a chosaint agus a neartú, á chinntiú go gcothaíonn gach cumarsáid iontaoibh agus muinín i measc geallsealbhóirí agus an phobail ar fud oileán na hÉireann.

Beidh sé nó sí i gceannas ar fheidhm Cumarsáide Safefood, agus é nó í i mbun cláir chumarsáide, feachtais chumarsáide agus ábhar cumarsáide a chruthú agus a bhainistiú, á chinntiú go mbíonn teachtaireachtaí Safefood soiléir agus comhsheasmhach agus go mbíonn tionchar acu.

Mar bhall den Fhoireann Ardbhainistíochta, tabharfaidh an Stiúrthóir um Chumarsáid comhairle agus treoir don Phríomhfheidhmeannach agus beidh príomhfhreagracht air nó uirthi as forbairt straitéiseach bheartais Safefood sna réimsí tábhachtacha sin.

Oibreoidh an Stiúrthóir i ndlúthchomhar leis na Stiúrthóirí eile chun a chinntiú go ndéanfaidh Safefood cothabháil agus forbairt ar an gclú atá air mar fhoinse atá inchreidte agus iontaofa agus ar féidir brath uirthi le haghaidh faisnéis faoi shábháilteacht bia agus faoi nósanna sláintiúla itheacháin.

Cinnteoidh an Stiúrthóir go rannchuideoidh straitéisí cumarsáide le héifeachtacht Safefood a chothabháil i dtimpeallacht iomaíoch. Glacfaidh an Stiúrthóir príomhfhreagracht as feachtais cumarsáide ilchainéil a fhorbairt agus as feabhas criticiúil a chur ar ár láithreacht dhigiteach mar fhoinse iontaofa faisnéise.

Cáilíochtaí agus taithí

Céim tríú leibhéal i ndisciplín cur chun cinn sláinte, i ndisciplín gnó, i ndisciplín margaíochta nó i ndisciplín cumarsáide

Cúig bliana ar a laghad de thaithí ardbhainistíochta i gceann amháin nó níos mó de na disciplíní seo a leanas: Margaíocht Shóisialta, Taighde Margaidh, Fógraíocht agus Cur Chun Cinn, Caidreamh Poiblí, Caidreamh leis na Meáin, nó Cur Chun Cinn na Sláinte laistigh den earnáil phoiblí, den earnáil phríobháideach, den earnáil dheonach nó den earnáil pobail.

Taithí ar bhreithiúnas fónta, cáilíochtaí láidre ceannaireachta, bainistíocht daoine, scileanna idirphearsanta, agus an cumas chun baill foirne a spreagadh a léiriú.

Taithí roimhe ar phleanáil gnó, lena n-áirítear buiséadú airgeadais agus réamhaisnéisiú.

Taithí léirithe ar fheachtais fógraíochta a bhainistiú.

Tuarastal

Príomhoifigeach €100,720 – €124,582 ar bhonn NPPC. Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú anseo.

Is é 12 pm meán lae Dé Luain an 2 Feabhra 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.

Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm