Skip to content

Ceardlann saor in aisce do ghnólachtaí beaga bia

Ceardlann saor in aisce do ghnólachtaí beaga bia

Tá Líonra Eolais safefood, ag obair dó i gcomhar le Bia Innovator Campus, ag óstáil ceardlann saor in aisce do ghnólachtaí beaga bia a bheidh ar siúl i gCampas Uí Mhaoilíosa de chuid Teagasc, Baile Átha an Rí.

Tá an cheardlann seo do ghnólachtaí beaga bia a gceanglaítear orthu córas AGPRC, nó córas bainistíochta sábháilteachta bia atá bunaithe ar AGPRC, a bheith i bhfeidhm acu.

Pléifear na nithe seo a leanas san oiliúint phraiticiúil seo in AGPRC:

  1. Cén fáth a bhfuil AGPRC ina chuid dhílis de bhainistíocht sábháilteachta bia.
  2. Conas sreabhchairt a fhorbairt/a mhodhnú le haghaidh pointí rialúcháin criticiúla
  3. Conas na guaiseacha coitianta sábháilteachta bia agus a rialuithe a shainaithint
  4. Cén ról atá ag réamhriachtanais i nguaiseacha a rialú
  5. Conas taifid éifeachtacha a choimeád chun comhlíonadh a thaispeáint

Chomh maith leis sin, is féidir le toscairí leas a bhaint as seisiún comhairliúcháin 10 nóiméad duine le duine lenár n-oiliúnaí sábháilteachta bia tar éis an chúrsa chun a saincheisteanna AGPRC féin a phlé. Chun seisiún comhairliúcháin a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig [email protected].

Athenry HACCP workshop



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm