Ceardlanna ar líne ar shábháilteacht bia do ghnólachtaí beaga bia
![Ceardlanna ar líne ar shábháilteacht bia do ghnólachtaí beaga bia](/getmedia/7950e1d0-14e9-4680-998f-e8e8fa7826b8/food-safety-workshops_1.jpg?w=1200&h=675&ext=.jpg&width=1360&resizemode=force)
Tá Líonra Eolais safefood ag soláthar dhá cheardlann ar líne saor in aisce do ghnólachtaí beaga bia.
Is ar rialú baictéar, ar ghlantachán agus ar bhainistíocht ailléirginí a dhírítear sa cheardlann ar Shábháilteacht Éifeachtach Bia. Tá an cheardlann ar Oiliúint Phraiticiúil AGPRC (anailís ghuaise agus phointí rialúcháin criticiúla) do ghnólachtaí beaga bia a gceanglaítear orthu córas AGPRC, nó córas bainistíochta sábháilteachta bia atá bunaithe ar AGPRC, a bheith i bhfeidhm acu.
Sábháilteacht Éifeachtach Bia: 20 Meitheamh
10 am go 12.30 pm
- Na tosca is cúis le fás baictéar
- Fás baictéar agus pataiginí eile a rialú
- Cad is dea-chóras glantacháin ann?
- Ailléirginí bia a bhainistiú
- Dlí Natasha, agus ailléirginí bia tosaíochta a dhearbhú
Oiliúint Phraiticiúil in AGPRC: 21 Meitheamh
10 am go 11 am
- Cén fáth a bhfuil AGPRC ina chuid dhílis de bhainistíocht sábháilteachta bia
- Conas sreabhchairt a fhorbairt/a mhodhnú le haghaidh pointí rialúcháin criticiúla
- Conas na guaiseacha coitianta sábháilteachta bia agus a rialuithe a shainaithint
- Cén ról atá ag réamhriachtanais i nguaiseacha a rialú
- Conas taifid éifeachtacha a choimeád chun comhlíonadh a thaispeáint
Chomh maith leis sin, is féidir le rannpháirtithe leas a bhaint an 21 Meitheamh as seisiún comhairliúcháin 10 nóiméad duine le duine lenár n-oiliúnaí sábháilteachta bia tar éis an chúrsa chun a saincheisteanna AGPRC féin a phlé. Seol ríomhphost chugainn ag [email protected] chun d’áit a chur in áirithe, a leithdháiltear ar bhonn ‘tús freastal ar an gceann is túisce’. Cuir “Comhairliúchán ar Líne ar AGPRC” ar áireamh mar thagairt i do ríomhphost.
Chun clárú, téigh chuig: Registration