Skip to content

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Sign up

Fheidhmeannach Acmhainní Daonna agus Riaracháin


Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Fheidhmeannach Acmhainní Daonna agus Riaracháin, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
 

Is é is Safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.

Feidhmeannach Acmhainní Daonna agus Riaracháin

Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Fheidhmeannach Acmhainní Daonna agus Riaracháin, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.

Tabharfaidh an Feidhmeannach Acmhainní Daonna agus Riaracháin comhairle agus cúnamh don Bhainisteoir Oibríochtaí Corparáideacha maidir le straitéis Acmhainní Daonna Safefood a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Déanfaidh sé/sí córais, beartais agus nósanna imeachta Acmhainní Daonna a athbhreithniú agus a chothabháil ar aon dul le plean gnó Safefood, leis an reachtaíocht agus leis an dea-chleachtas.

Tabharfaidh sé/sí comhairle maidir leis an scéim pinsean, na scéimeanna comhionannais agus míchumais, an Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise, na socruithe sláinte agus sábháilteachta agus feidhmeanna acmhainní daonna amhail earcaíocht, bainistíocht feidhmíochta agus foghlaim agus forbairt atá i bhfeidhm ag Safefood agus déanfaidh sé/sí na nithe uile sin a chothabháil.

Léireoidh sé/sí cumas chun taighde a dhéanamh ar an reachtaíocht agus an treoir is déanaí, chun comhairle a thabhairt agus chun beartais agus nósanna imeachta maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a dhréachtú agus a chur chun feidhme do Safefood.

Cáilíochtaí agus taithí

  • Céim a bhaineann le Gnó/le hAcmhainní Daonna agus/nó cáilíocht ghairmiúil ábhartha eile, e.g., Ballraíocht de CIPD (d’fhéadfadh gur leor páirtcháilíocht)
  • Taithí trí bliana ar a laghad mar ghinearálaí Acmhainní Daonna a gnóthaíodh i bhfeidhm Acmhainní Daonna san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach nó san earnáil pobail.
  • Cumas chun eolas agus taithí mar ghinearálaí Acmhainní Daonna a léiriú.

Tuarastal

Ardoifigeach Feidhmiúcháin (ar bhonn NPPC) €55,492-€67,483

Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú anseo.

https://www.safefood.net/HR-Administration-Executive

Is é 12 pm meán lae Dé hAoine an 4 Iúil 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.

Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm