Skip to content

Nuashonrú ar Salmonella

Nuashonrú ar Salmonella

Óstálfaidh Líonra Eolais safefood seimineár Gréasáin saor in aisce ar Salmonella, agus an t-eolas is deireanaí á thabhairt ar chásanna, ráigeanna agus bearta rialaithe i dtionscal an bhia.

Beidh an seimineár Gréasáin ina ábhar spéise do na daoine sin a oibríonn i bhfiontair táirgthe bia, d’údaráis sláinte poiblí, do thaighdeoirí agus do ghairmithe sábháilteachta bia.

Cé hiad na láithreoirí?

An Dr Aoife Colgan: Eipidéimeolaí Sinsearach, an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte, Éire

Tá an Dr Aoife Colgan ag obair san Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte ó bhí an bhliain 2017 ann. Ghnóthaigh sí céim BA Mod. (Micribhitheolaíocht) le céadonóracha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009 agus thosaigh sí a cúrsa PhD i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 2010. D’fhoilsigh sí roinnt alt piarmheasúnaithe in irisleabhair idirnáisiúnta ar phataigineas Salmonella.

An Dr Frieda Jørgensen: Micribhitheolaí Bia Sinsearach, Gníomhaireacht Slándála Sláinte na Ríochta Aontaithe

Déanann an Dr Frieda Jørgensen speisialtóireacht in eipidéimeolaíocht agus dianseasmhacht pataiginí zónóiseacha sa timpeallacht agus ina n-aistriú isteach i slabhra an bhia. Bronnadh PhD uirthi ón Ollscoil Ríoga Talmhaíochta agus Tréidliachta, Cóbanhávan, sa bhliain 1996. Chuaigh sí isteach i Seirbhís Shaotharlanna Sláinte Poiblí na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1998 agus tháinig sí chun bheith mar cheann ar Aonad Zónóisí Bia-Iompartha Ghníomhaireacht Cosanta Sláinte na Ríochta Aontaithe. Tá sí ag gníomhú faoi láthair mar mhicribhitheolaí eolaíoch sinsearach i nGníomhaireacht Slándála Sláinte na Ríochta Aontaithe.

An Dr Gary McMahon: Micribhitheolaí Cuideachta, Moy Park, Tuaisceart Éireann

Ghnóthaigh an Dr Gary McMahon céim BSc (Onóracha) i Micribhitheolaíocht Fheidhmeach agus PhD i Micribhitheolaíocht Bia ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sé ag obair le Moy Park le breis agus 30 bliain anuas, ag obair dó laistigh de Shaotharlanna an Ghrúpa agus ag comhlíonadh feidhmeanna bainistíochta láithreáin agus feidhmeanna teicniúla agus bainistíochta cáilíochta. Chomh maith leis sin, thug sé faoi bhainistíocht tionscadail le haghaidh tionscadail éagsúla taighde le hollscoileanna sa Ríocht Aontaithe agus le haghaidh tionscadal ar chistigh an tAontas Eorpach é.

Chun clárú, téigh chuig: safefood.net/salmonella-April2023



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm