Skip to content

Pacáistiú bia

Pacáistiú bia

Cuirfidh safefood seimineár gréasáin saor in aisce dar teideal ‘Pacáistiú bia: na saincheisteanna agus na treochtaí atá ag teacht chun cinn’ i láthair an 28 Feabhra ag 3 p.m.

Tá clárú don imeacht seo dúnta


Tá córais phacáistithe, formáidí pacáistithe agus ábhair phacáistithe ag athrú le breis agus 150 bliain anuas, agus chabhraigh siad leis na slabhraí dáileacháin dhomhanda le haghaidh gluaiseacht éifeachtúil earraí a mhúnlú. Le deich mbliana anuas, áfach, tá saincheisteanna ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh a fhágáil go ndéanfar athruithe sna blianta fada atá le teacht, go háirithe maidir le saincheisteanna comhshaoil.

Cén fáth a n-úsáidtear pacáistiú agus conas atáthar ag ceistiú a úsáidí reatha? Cad atá sa timpeallacht reachtaíochta reatha a bhaineann le hábhair a bhíonn i dtadhall le bia? Conas a thiocfaidh athrú ar ábhair phacáistithe, ag féachaint d’ábhair nua agus do theicneolaíochtaí nua, agus cé na tosca ba cheart a chur san áireamh? Cén ról a bheidh orainne – idir reachtóirí agus thomhaltóirí deiridh – a imirt chun teacht ar réitigh phacáistithe sa todhchaí?

Cé hiad na láithreoirí?

Tá an tOll. Joe Kerry i gceannas ar an nGrúpa Taighde ar Phacáistiú Bia sa Roinn Eolaíochtaí Bia agus Cothúcháin i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá sé ina chomhalta cáilithe d’Institiúid na Pacáistíochta. I measc a réimsí saineolais tá úsáid a bhaint as córais phacáistithe atmaisféir mhodhnaithe, teicneolaíocht easbhrú, agus forbairtí teicneolaíochtaí braiteora/nua is féidir a úsáid i monarú bia.

Is Bainisteoir um Beartas Forfheidhmiúcháin le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann é Karl McDonald. Tá sé ag glacadh páirt le breis agus seacht mbliana anuas sa chreat rialála le haghaidh ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, agus déanann sé ionadaíocht d’Éirinn ar leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le reachtaíocht nua agus roghanna bainistíochta riosca le haghaidh ábhair a bhíonn i dtadhall le bia.

 



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm