Skip to content

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 3:

Ceacht 5

Na spriocghrúpaí éagsúla a aithint a mbíonn na meáin chumarsáide ag díriú orthu agus na teachtaireachtaí faoi cheilt san fhógraíocht sin a aimsiú.

Ceacht 6

Tús eolais ar choincheap na steiréitíopála.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 3 agus Rang 4 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
  • A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú.
    4. Dearcadh a chur chun cinn.
  • A thuiscint go bhfuil dearcadh ag gach duine.
  • Roinnt de na gnéithe éagsúla a úsáidtear sna meáin a aithint.
  • A thuiscint conas a théann na gnéithe sin i bhfeidhm ar ár mothúcháin.
  • A thuiscint go gcruthaítear fógraí sa chaoi is go mbraithimis bealach ar leith.
  • Cur síos a dhéanamh cad is mian ann agus cad is riachtanas ann, agus an difríocht eatarthu a thuiscint.
  • A aithint go bhfuil difríocht idir meáin a atá spriocdhírithe ar ghrúpaí agus ar dhaoine ar leith (lucht féachana/éisteachta).
  • Na teachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin a aimsiú.
  • Coincheap na steiríotíopála a thuiscint.
  • Frithghníomh mothúchánach i leith fógra a nascadh le gníomh ar leith.
  • A thuiscint conas is féidir leis na meáin chumarsáide a bheith ina bhfoinse faisnéise agus conas a dhéanann sé sin an domhan níos lú.

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

education news logo

Sign up for updates on education resources and news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm