Skip to content

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 1:

Ceacht 1

A thuiscint go bhfuil sé i gceist leis an meáin ‘teachtaireacht’ a chur ina luí orainn agus a thuiscint go bhfuil sé mar sprioc ag an bhfógraíocht ceann amháin de cheithre rud a bhaint amach:

  1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn
  2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach
  3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
  4. Dearcadh a chur chun cinn

Ceacht 2

Ba chóir go mbeadh na leanaí in ann measúnú a dhéanamh ar an dearcadh arna chur i láthair sna meáin agus an rogha a dhéanamh an aontaíonn siad nó an easaontaíonn siad leis an dearcadh sin, mar shampla dearcthaí éagsúla i leith leanaí a bheith ag úsáid na meán nua-aimseartha

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 5 agus Rang 6 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • A thuiscint go bhfuil sé mar sprioc ag an bhfógraíocht ceann amháin de cheithre rud a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
    4. Dearcadh a chur chun cinn
  • Measúnú a dhéanamh ar na dearcthaí a chuirtear i láthair sna meáin agus an rogha a dhéanamh aontú nó easaontú leo, mar shampla dearcthaí éagsúla i leith leanaí a bheith ag úsáid meáin nua-aimseartha.
  • A aithint conas a bhaineann roinnt fógraíochta úsáid as na mothúcháin chun tionchar a imirt orainn agus a chur ina luí orainn go bhfuil rud éigin de dhíth orainn.
  • A thuiscint go bhfuil sraith rialacha ag tionscal an meán cumarsáide, agus a bheith in ann a mhíniú cén fáth a bhfuil na rialacha sin riachtanach.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dteachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin agus idirdhealú a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla agus díospóireacht a bheith ann faoi mheáin sa tsochaí chomhaimseartha agus an úsáid a bhaineann leanaí astu.
  • A aithint nuair a úsáidtear steiríotíopáil sna meáin.
  • Comparáid a déanamh idir cén tuairim a bheadh ag spriocghrúpaí éagsúla i leith an fhógra chéanna, agus a aithint gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoise faisnéise agus mífhaisnéise.
  • A thuiscint go dtugann na meáin guth dúinn.
  • Feachtas faisnéise meáin a chruthú chun an guth sin a úsáid.

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

education news logo

Sign up for updates on education resources and news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm