Skip to content

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 2:

Ceacht 3

Sainaithin na bunmhothúcháin a bhraithimid (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla) agus mol cén ‘chuma’ a d’fhéadfadh a bheith ar na mothúcháin sin.

Ceacht 4

Faigh tuiscint ar cad is brí le riachtanas agus le mian agus cén difríocht atá eatarthu.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise le haghaidh na Naíonán Beag agus Mór leis na leanaí na nithe seo a dhéanamh:

  • An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a aithint agus a ainmniú
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann
  • Roinnt mothúchán bunúsach a shainaithint (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla)
  • An difríocht idir riachtanas agus mian a thuiscint
  • Cur síos a dhéanamh ar chlár teilifíse ar leith a thaitníonn leo agus é sin a roinnt leis an rang
  • A thuiscint go mbíonn spéiseanna éagsúla ag leanaí, agus go mbíonn boinn tuisceana ag na meáin faoi na nithe a thaitníonn le leanaí agus na roghanna atá ag buachaillí agus ag cailíní bunaithe ar an inscne amháin
  • A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh
  • A thuiscint gur féidir fógraí a shuíomh san fhíorshaol nó i saol na samhlaíochta, nó i meascán den dá rud
  • A shainaithint go bhféadfaidh go dtaitneoidh fógraí le leanaí atá suite i saol na samhlaíochta

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

education news logo

Sign up for updates on education resources and news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm