Skip to content

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 2:

Ceacht 3

Raon mothúchán mar a chuirtear i láthair iad sna meáin a shainaithint agus tuiscint a fháil ar na mothúcháin a spreagann na fógraí sin ionainn.

Ceacht 4

Roinnt de na heilimintí éagsúla a úsáidtear sna meáin a shainaithint.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 1 agus Rang 2 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
  • A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
    4. Dearcadh a chur chun cinn
  • A thuiscint go bhfuil dearcadh ag gach duine.
  • Roinnt de na gnéithe a úsáidtear sna meáin a shainaithint.
  • A mhíniú conas mar a théann na gnéithe sin i bhfeidhm ar ár mothúcháin.
  • A thuiscint go bhfuil sé i gceist go rachadh fógraí i bhfeidhm orainn ar bhealach ar leith.
  • A mhíniú cad is brí le riachtanas agus cad is brí le mian, agus an difríocht eatarthu a thuiscint.
  • A shainaithint go dtéann meáin éagsúla i bhfeidhm ar spriocghrúpaí éagsúla daoine (luchtanna féachana agus éisteachta).
  • Na teachtaireachtaí agus an fhógraíocht faoi cheilt sna meáin a aimsiú.
  • Coincheap na steiréitíopála agus na steiréitíopaí a thuiscint.
  • An mothúchán a spreagann fógra ionainn a nascadh le gníomh.
  • A thuiscint conas is féidir leis na meáin chumarsáide a bheith ina bhfoinse eolais agus conas mar a dhéanann sé sin an domhan níos lú.

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní riachtanacha ar fáil sna Pleananna Ceachta.

education news logo

Sign up for updates on education resources and news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm