Skip to content

Seo a leanas cuspóiri Thopaic 4:

Ceacht 7

Cur síos ar cad is brí le ‘háitiú’ agus conas a oibríonn sé sin

Ceacht 8

A aithint gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoinse eolais.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 1 agus Rang 2 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
  • A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú.
    4. Dearcadh a chur chun cinn.
  • Cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin bhunúsacha (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla) agus cén ‘chuma’ a bheadh orthusan dá mbeifeá chun iad a chur i láthair sna meáin.
  • A thuiscint conas a thaitníonn na rudaí céanna le daoine eile is a thaitníonn linne, ach ar chúiseanna éagsúla.
  • A thuiscint cad is bonn tuisceana ann, na boinn tuisceana a úsáidtear i roinnt fógraí do bhréagáin a thuiscint agus roinnt bonn tuisceana eile a athint a úsáidtear sna meáin.
  • A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh agus a thuiscint conas a oibríonn sé sin.
  • Cur síos a dhéanamh ar ghnáthshamplaí d’fhaisnéis sa chaoi a gcuirtear iad i láthair agus roinnt foinsí na faisnéise sin a lua.

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm