Skip to content

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 4:

Ceacht 7

Comparáid a déanamh idir cén tuairim a bheadh ag spriocghrúpaí éagsúla i leith an fhógra chéanna, agus a aithint gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoise faisnéise agus mífhaisnéise.

Ceacht 8

A thuiscint go dtugann na meáin guth dúinn agus feachtas faisnéise meáin a chruthú chun an guth sin a úsáid.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 5 agus Rang 6 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • A thuiscint go bhfuil sé mar sprioc ag an bhfógraíocht ceann amháin de cheithre rud a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú.
    4. Dearcadh a chur chun cinn.
  • Measúnú a dhéanamh ar na dearcthaí a chuirtear i láthair sna meáin agus an rogha a dhéanamh aontú nó easaontú leo, mar shampla dearcthaí éagsúla i leith leanaí a bheith ag úsáid meáin nua-aimseartha.
  • A aithint conas a bhaineann roinnt fógraíochta úsáid as na mothúcháin chun tionchar a imirt orainn agus a chur ina luí orainn go bhfuil rud éigin de dhíth orainn.
  • A thuiscint go bhfuil sraith rialacha ag tionscal na meán cumarsáide, agus a bheith in ann a mhíniú cén fáth a bhfuil na rialacha sin riachtanach.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dteachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin agus idirdhealú a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla agus díospóireacht a bheith ann faoi mheáin sa tsochaí chomhaimseartha agus an úsáid a bhaineann leanaí astu.
  • A aithint nuair a úsáidtear steiríotíopáil sna meáin.
  • Comparáid a déanamh idir cén tuairim a bheadh ag spriocghrúpaí éagsúla i leith an fhógra chéanna, agus a aithint gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoise faisnéise agus mífhaisnéise.
  • A thuiscint go dtugann na meáin guth dúinn.
  • Feachtas faisnéise meáin a chruthú chun an guth sin a úsáid.

Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm