Skip to content

Tús Sláintiúil – Tacú le maireachtáil shláintiúil i measc leanaí óga

Tús Sláintiúil – Tacú le maireachtáil shláintiúil i measc leanaí óga

Ceardlann arna hóstáil ag an bhFóram um Ghníomhaíocht Uile-oileáin ar Mhurtall le tacaíocht ó safefood.

Dáta: 20 Meitheamh 2023
Am: 9.30am – 11.00am     

Forbhreathnú ar an Ócáid

Trí thimpeallachtaí sláintiúla a chruthú inár gcuid tithe, scoileanna agus pobal, is féidir tacú le leanaí fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil. Le linn an tseimineáir Gréasáin seo, pléifear cosc an mhurtaill sa luath-óige agus comhroinnfear fionnachtana ó na tionscnaimh atá ar siúl chun nósanna sláintiúla itheacháin agus maireachtáil ghníomhach a chur chun cinn i measc leanaí óga. 

Ar na cainteoirí beidh Laura Taylor ón nGníomhaireacht Sláinte Poiblí i dTuaisceart Éireann. Tabharfaidh Laura forbhreathnú ar an gClár um Murtall sna Luathbhlianta a Chosc (‘HENRY’) agus tabharfaidh sí breac-chuntas ar sholáthar an chláir um ‘Theaghlaigh Shláintiúla ón Tús ar Aghaidh’.

Tabharfaidh Louise Reynolds ó Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann forbhreathnú ar theoirstaidéar le haghaidh béilí teo scoile a sholáthar i réamhscoileanna in Éirinn, agus torthaí ón treoirstaidéar agus céimeanna amach anseo á gcomhroinnt. 

Sa deireadh, pléifidh an Dr Anna Lene Seidler ó Ollscoil Sydney na comhpháirteanna d’idirghabhálacha atá éifeachtach i murtall san óige a chosc agus leagfaidh sí béim ar na bearnaí taighde atá ann chun tosaíochtaí taighde sa todhchaí a threorú.

Taifeadfar an seimineár Gréasáin seo agus comhroinnfear é le gach duine atá cláraithe. 

Clár na hócáide

9.30 a.m. - 11.00 a.m.
Aitheasc fáilte 

9.35 a.m. - 9.55 a.m.
Forbhreathnú ar an gClár um Murtall sna Luathbhlianta a Chosc – HENRY
Laura Taylor, an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí

9.55 a.m. - 10.15 a.m.
An Scéim Béilí Teo do Réamhscoileanna in Éirinn: Treoirstaidéar
Louise Reynolds, Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann

10.15 a.m. - 10.35 a.m.
An tóraíocht chasta atá i gceist le murtall sa luath-óige a chosc – na nithe is eol dúinn agus na chéad chéimeanna eile
An Dr Anna Lene Seidler, Lárionad Trialacha Cliniciúla na Comhairle Náisiúnta Taighde Sláinte agus Liachta, Ollscoil Sydney

10.35 a.m. - 11.00 a.m.
Ceisteanna agus Freagraí

10.35 a.m. - 11.00 a.m.
Focail chlabhsúir

Tuilleadh faisnéise

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoin ócáid seo: 
Seol ríomhphost chuig: [email protected][email protected]
Cuir glao ar: (Éire) 0818 40 4567 (TÉ) 0800 085 1683

Na gCainteoirí 

Laura Taylor, an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí

Is Saineolaí Cothúcháin Sláinte Poiblí Cláraithe í Laura Taylor agus tá sí ag obair don Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí san fhoireann um Shláinte agus Folláine Shóisialta a Fheabhsú le 13 bliana anuas. 

Le linn na tréimhse sin, tá baint ag Laura le roinnt tionscadal cothúcháin agus murtaill, lena n-áirítear cláir oideachais cothúcháin a fhorbairt agus a mheas, Bia i Scoileanna, bainistíocht meáchain aosach, an Clár um Murtall sna Luathbhlianta a Chosc, feachtais, agus foilseacháin chothúcháin. 

Tá an-bhród ar Laura as cabhrú le seirbhísí a mhúnlú agus a chur ar aghaidh chun freastal ar riachtanais mhuintir Thuaisceart Éireann agus chun cabhrú leo sin atá thíos leis na neamhionannais is mó sa tsláinte. 

Tá beirt mhac ag Laura, agus iad 12 bhliain d’aois agus 9 mbliana d’aois. Taitníonn léi an saol amuigh faoin spéir, idir dhreapadóireacht agus bhabhtaí snámha mara, agus comhroinneann sí a grá don bhia agus don chothú, agus a heolas orthu, ag ócáidí scoile agus ag gníomhaíochtaí sóisialta amhail na Macaoimh.

Louise Reynolds, Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann

Is diaitéiteach cláraithe le CORU í Louise. Ghnóthaigh sí céim BSc i gCothú agus Diaitéitic ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, mar aon le céim MSc i gCumarsáid Eolaíochta ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Dioplóma i gCaidreamh Poiblí aici ó Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí freisin. Is ball í d’Institiúid Cothúcháin agus Diaitéitice na hÉireann (INDI). 

Tar éis di a hoiliúint chliniciúil a chur i gcrích in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath, chuaigh Louise ar aghaidh chun obair sa taighde, i dtionscal an bhia agus mar shaor-shainchomhairleoir cothúcháin le 30 bliain anuas. Chomh maith leis sin, chaith Louise breis agus 10 mbliana ag obair mar léachtóir le cothú do Mhúinteoirí Bunscoile faoi Oiliúint i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. 

Is í Louise an diaitéiteach comhairleach tráthrialta do sheó raidió Claire Byrne ar RTÉ Radio 1 agus pléann sí cúrsaí cothúcháin ar Ireland AM ar TV3 ar bhonn tráthrialta freisin. Rannchuidíonn Louise ar bhonn tráthrialta le hailt ar raon leathan saincheisteanna cothúcháin sna meáin. Tá Louise ag obair anois mar Bhainisteoir Cumarsáide INDI, arb é an comhlachas gairmiúil do dhiaitéitigh in Éirinn é. Chomh maith leis sin, is comhalta í den Chomhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Bia de chuid Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

An Dr Anna Lene Seidler, Lárionad Trialacha Cliniciúla na Comhairle Náisiúnta Taighde Sláinte agus Liachta, Ollscoil Sydney

Is Comhalta Taighde Sinsearach í an Dr Anna Lene Seidler. Tá sí i gceannas ar Fhoireann Sintéise Fhianaise na Chéad Ghlúine Eile i Lárionad Trialacha Cliniciúla na Comhairle Náisiúnta Taighde Sláinte agus Liachta, Ollscoil Sydney. 

Is í an phríomhsprioc taighde atá ag Lene ná taighdeoirí i dtionscadail chomhair dhomhanda a thabhairt le chéile chun feabhas a chur ar shláinte an duine. Lena cuid oibre, déantar forbairt agus feabhsú ar mhodhanna le haghaidh comhair agus le haghaidh taighde a chomhordú agus tugtar fianaise le chéile ó lear tacar sonraí idirnáisiúnta mór chun freagraí a thabhairt ar cheisteanna taighde ardtosaíochta. Tá Lene i gceannas ar roinnt tionscadal comhair taighde idirnáisiúnta ina ndírítear ar shláinte leanaí. Ina measc sin tá an Tionscadal Comhair um Chosc an Mhurtaill i measc Leanaí a Bhunathrú chun Feabhais (TOPCHILD), a thugann taighdeoirí ó áiteanna ar fud an domhain le chéile chun teacht ar na hidirghabhálacha is éifeachtaí chun an murtall sa luath-óige a chosc. Chomh maith leis sin, tá Lene i gcomhcheannas ar Shruth 1 den Lárionad um Shármhaitheas Taighde i Luathchosc an Mhurtaill i measc Leanaí a Aistriú (EPOCH-Translate), a dhíríonn ar éifeachtacht agus aistriú chosc an mhurtaill sa luath-óige a bhreisiú.

Is Comhthionólaí Ghrúpa Modhanna Meitea-Anailíse Ionchasaí Cochrane í Anne Lene Seidler. Tá cáilíochtaí agus cuntas teiste i modhanna taighde, i mbithstaidreamh agus i síceolaíocht aici, tá Comhaltacht Ceannaireachta Éirithí ón Lárionad Náisiúnta Taighde Sláinte agus Liachta aici agus dámhadh Gradam Taighdeoir Luathchéime ón gCumann Astraláiseach Eipidéimeolaíochta di.

AIOAF event sign up



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm