Skip to content

Bochtaineacht bia; foghlaim ó eispéiris fíorshaoil

Bochtaineacht bia; foghlaim ó eispéiris fíorshaoil


Dáta: 26 Meán Fómhair 2023

Ionad: Lárionad F2, 3 Plaza Reuben, Rialto, Baile Átha Cliath, agus ar líne ar Zoom

Am: 9.30am go 1.30pm


Aidhm an imeachta

Chun fiosrú a dhéanamh ar roinnt de na saincheisteanna casta atá taobh thiar de bhochtaineacht bia, pléifidh oibrithe pobail agus príomhacadóirí eispéiris na ndaoine atá ag fulaingt bochtaineacht bia agus pléifidh siad conas is féidir le léargais den sórt sin feabhas a chur ar éifeachtacht an bheartais agus na n-idirghabhálacha.

Clár

9.30am – Clárú, agus tae is caife

10am – Aitheasc tosaigh

10.15am – Le deimhniú

10.40amJonny Currie, Iontaobhas Trussell, ‘Ocras i dTuaisceart Éireann’

11.05am – Sos

11.25amAn Dr Clare Pettinger, Ollscoil Plymouth, ‘Caidreamh a dhéanamh le pobail nach bhfuil chomh saibhir céanna agus a fhágtar ar lár le córas traidisiúnta bia na Ríochta Aontaithe (tionscadal FoodSEqual)’

12pm - Megan Weimann, Northdown Communityworks, ‘Dea-Chothaithe – an fíorshaol in ollmhargadh pobail’

12:15pm - Ceisteanna agus freagraí

12.45pm – Focail chlabhsúir

1pm – Lón


Cé hiad na daoine ar cheart dóibh freastal air?

Beidh an t-imeacht seo ina ní is díol spéise do na daoine sin atá ag obair san earnáil dheonach agus pobail, i ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus sa saol léinn agus do na daoine sin a bhfuil leas comhchoiteann acu i mbochtaineacht bia a laghdú ar oileán na hÉireann.

Tuilleadh faisnéise

Seol ríomhphost chuig: [email protected][email protected]

Cuir glao ar: (Éire) 0818 40 4567 (TÉ) 0800 085 1683

Cliceáil anseo chun clárú



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm